Personal tools
You are here: Home Documents Resolutions Riga Resolution Gaeilge

Gaeilge

Rún Riga de chuid EFNIL
Ar pholasaithe teanga náisiúnta and eorpacha
ar ghlac Mór-Thionól EFNIL leis 13 Samhain 2007
1.    Tá an éagsúlacht teanga ina saintréith d'fhéiniúlacht agus d'oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Tá gné fhíorthábhachtach shóisialta ag roinnt leis an éagsúlacht seo: deimhníonn sí rannpháirtíocht shóisialta agus saoránacht iomlán do gach saoránach i ngach Ballstát. Tá gá le tacaíocht bhreise agus tacaíocht níos láidre ó na rialtais náisiúnta agus ó institiúidí an Aontais Eorpaigh don éagsúlacht teanga agus d'fhorbairt an chumais ilteangaigh.
2.    Ní éireoidh leis an gcomhordú ná leis an gcomhoibriú idir na polasaithe éagsúla náisiúnta agus Eorpacha ach amháin má chruthaítear nasc idir na heagrais éagsúla a ghineann polasaithe agus idir a gcuid smaointeoireachta. Deimhneoidh sé seo go mbeidh leordhóthain den chomhchlaonadh ann idir polasaithe agus go mbeidh na polasaithe éifeachtúil. Dá réir sin, iarrann EFNIL ar Rialtais na mBallstát agus ar institiúidí an Aontais Eorpaigh Oifig Chomhordaithe agus Bord Comhairleoireachta saineolaithe ar an bpleanáil teanga agus ar thaighde teanga a bhunú ar bhonn buan, faoi réir an Rúin ar ghlac Parlaimint na hEorpa leis 4 Meán Fómhair 2003 [2003/2057 (INI)]. Meabhraíonn EFNIL gur féidir leis an Oifig agus leis an mBord araon tarraingt ar chumas agus ar shaineolas gréasán teanga atá bunaithe cheana féin ar nós EBLUL, ELC agus EFNIL féin. Ba chóir go dtacódh an tAontas Eorpach leis an obair atá ar siúl ag grúpaí saineolaithe mar sin. Iarrann EFNIL ar Choimisiún na hEorpa an bonn dlíthiúil riachtanach a sholáthar don tacaíocht seo.
3.    Ba chóir bearta polasaí idir náisiúnta agus Eorpacha a bheith spriocdhírithe agus bunaithe ar eolas cruinn faoi fhíricí teangeolaíocha. Ba chóir sonraí impiriciúla maidir le staid na dteangacha agus meon na gcainteoirí ina leith a bhailiú ar bhonn rialta chun bonn leormhaith agus leordhóthanach a chur ar fáil chun monatóireacht a dhéanamh ar pholasaithe náisiúnta agus Eorpacha i leith teangacha. Molaimid go gcuirfí tacaíocht aigeadais agus institiúideach ar fáil le haghaidh (a) bunachair náisiúnta sonraí a bhaineann le cúrsaí teanga a fhorbairt agus iad a bheith inchomparáide agus (b) suirbhéanna teanga ar fud an Aontais Eorpaigh a fhorbairt ar nós an Mhonatóra Eorpaigh Teanga, a bheadh ar aon dul (i réimse na teanga) leis na Suirbhéanna Eorpacha Sóisialta ó thaobh scóipe agus sonraíochta de.
4.    Is é dearcadh EFNIL gur sa Chonradh Leasaithe agus i gcáipéisí foirmiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh is cóir an meas ar éagsúlacht chultúra agus teanga na hEorpa a léirmhíniú trí thacaíocht ghníomhach a chur ar fáil don éagsúlacht chultúrtha agus teanga.

 

Document Actions