Personal tools
You are here: Home Documents Resolutions Budapest Resolution Gaeilge

Gaeilge

Rún Bhúdaipeist

Ar Na Dúshláin Foclóireachta San Eoraip Ilteangach

 

1.    Éilíonn Cónaidhm Eorpach Institidiúidí Náisiúnta Teanga infreastruchtúr ilteangach teanga ar fud na hEorpa mar bhunchoinníoll leis an Eoraip a bheith ilteangach go fíor agus le saoránaigh a bheith ilteangach.

 

2.    Is conditio sine qua non i gcomhair foghlaim agus úsáid teangacha (iasachta) ag saoránaigh Eorpacha, i gcomhair aistriúcháin agus ateangaireachta agus i gcomhair próiseáil ilteangach téacsanna ag córais agus ag gléasanna teicniúla ná forbairt infreastruchtúr nua-aimseartha foclóireachta ar ardchaighdeán a bheith ann, ina bhfuil corpais mhaithe (chomhthreomhara), foclóirí agus bunachair foclóireachta, teasárais, bunachair théarmaí, líonraí focal agus uirlisí foclóireachta inchomparáide, atá aonteangach, dátheangach agus ilteangach.

 

3.    Ba chóir bunacmhainní foclóireachta agus bailiúcháin ar ardchaighdeán a bheith ann i gcomhair, ar a laghad, gach teanga oifigiúil den AE: ba chóir go n-áireofaí leo seo uirlisí agus acmhainní dátheangacha do phéirí teanga nach ndéanann an tionscadal teanga atá dírithe ar an tráchtáil riar dóthanach orthu.  

 

4.    Ag cur san áireamh gné ilteangach an infreastruchtúir foclóireachta atá riachtanach, a théann thar réimse aon cheantair theanga nó tíre, táthar ag dréim leis an AE ról gníomhach a imirt i bhforbairt an infreastruchtúir i gcomhair teanga oifigiúil / teangacha oifigiúla atá ar fáil i ngach Ballstát.

 

5.    Ar an gcúis seo, éilíonn An Cónaidhm Eorpach um Institiúidí Teanga ar rialtais na mBallstát, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach agus comhlachtaí ábhartha eile den AE:

   (a) forbairt agus infhaighteacht foclóirí dátheangacha agus uirlisí digiteacha agus seirbhísí ar líne inchomparáide a chur chun cinn do gach péire teanga mar a bhfuil riachtanas soiléir ann ina bpobail teanga faoi seach, gan bheann ar argóintí tráchtála ar son táirgeadh agus margaíocht táirgí mar seo

  (b) teicneolaíochtaí agus modhanna nuálaíocha a spreagadh, a bhaineann tairbhe as bealaí nua le gléasanna foclóireachta a cheapadh, lena n-áirítear na deiseanna a thugann sluafhoinsiú, agus tacaíocht shubstaintiúil a chur ar fáil do líonraí saineolaithe ábhartha agus tionscadail chomhoibriúla in institiúidí foclóireachta Bhallstáit éagsúla an AE

(c) páirtíochtaí idir eagraíochtaí poiblí agus/nó poiblí agus príobháideacha a chur chun cinn, deiseanna nua a chruthú, mar sin, i gcomhair tionscadal teanga iomaíoch a fhorbairt san AE a thagann aird ar fhíor-riachtanais na bpobal éagsúil teanga san AE

(d) a chinntiú go bhfuil gnéithe infreastruchtúir go hiomlán comhtháite i ngach polasaí den AE a bhaineann le cur chun cinn na foghlama ilteangaí agus foghlaim teangacha.

 

6.  Cuireann EFNIL a shaineolas ar fáil le cuidiú le lucht ceaptha beartais i bhforbairt agus monatóireacht beartas a thugann faoin dúshlán seo.

Document Actions